🔗 ⚙️

Suantraí [Lullaby] from ...agus Suantraí by Paul Ó Colmáin

Tracklist
8.Suantraí [Lullaby]4:10
Lyrics

Suantraí Paul Ó Colmáin
translation: https://paulocolmain.com/?page_id=3912

Bí séimh, ciúin,
Téir chun suain,
Éist le giúin bhinn na tiúine an shuantraí.
Caill do chúraimí,
Ná bí buartha faoi,
Raghad go buan i do leith, a rún,
Ag crónán go caoin an duan seo.


Stuamaigh, stuamaigh, glac go suaimhneach é,
Fág do ghruaime i gcúram an duanaire.
Ciúnaigh, ciúnaigh, dún do shúile,
Lig d’ualaí uamhnacha díot, a mhuirnín buartha.


A stór, a chroí gheal,
Ná bí ag caoineadh,
Fanfad i mo shuí leat i rith na hoíche,
Lámh le lámh leat,
Ar ghrá mo ghrá duit,
Fanfad ‘do theannta go deo ‘is choíche,
Ag crónán go caoin an suantraí.

Credits
from ...agus Suantraí, released March 1, 2020
LicenseAll rights reserved.
Tags
Recommendations